Oideachas agus Cluichí

Fáilte chuig ionad Oideachais agus Cluichí de leathanach gréasáin na Seirbhíse Tarrthála agus Dóiteáin Chiarraí! Mínítear Sábháilteacht Dóiteáin do leanaí, tuismitheoirí agus múinteoiri anseo. Tugaimid spreagadh do thuismitheoirí agus leanaí oibriú le chéile chun do theach agus do phobal a dhéanamh níos sábháilte do gach duine.

safetyteam

Comhairle ón bhFoireann Sábháilteachta

    • Is do dhaoine fásta cipíní solais agus lasadóirí
    • Ná bí ag imirt nó ag triail le tine
    • Má tá tú gafa le deatach téigh síos ar do lámha agus glúine. Beidh aer úr fionnuar gar don urlár.
    • Má cheapann tú go bhfuil tine ann, sula n-osclaíonn tú an doras braith é le cúl do láimhe agus seiceáil an hanla. Má tá sé te ná hoscail é ach aimsigh bealach amach eile
    •  
    • Má scaoiltear an t-aláram dóiteáin, fiú má tá an doras agus an hanla fionnuar b’fhéidir nach bhfuil sé sábháilte dul amach. Téigh ar do ghlúine agus oscail an doras beagán chun a dhéanamh amach cibé an bhfuil sé sábháilte nó nach bhfuil.
    • Má théann d’éadaí trí thine
    • STOP, BUAIL ANUAS AGUS ROLL, NÁ RITH RIAMH! - Más féidir leat, roll suas i ruga nó blaincéad
    • Seiceáil aláraim dóiteáin uair sa tseachtain
    • Tabharfaidh sé rabhadh luath dóiteáin duit.
        • Athchuir an ceallra nuair is gá.
        • Ná tóg amach an ceallra má scaoileann sé nuair atá tú ag cócaireacht, cuir é in áit eile.
        • Ná tóg amach an ceallra le húsáid i mbréagán.
        • Bíodh d’uimhir theileafóin éigeandála ar eolas agat – 999 Nó 112
        • Is féidir leat Uimhreacha Éigeándála a dhiailiú saor in aisce ó fón ar bith fiú fón póca
          • Bíodh do sheoladh agus uimhir theileafóin ar eolas agat
          • Labhair go soiléir leis an oibritheoir
          • Fan ar an bhfón go dtí go n-insíonn an t-oibritheoir leat crocadh suas.
  •  

     

     

     

     

     

     

     


media