Stáisiún Dóiteáin Chill Áirne

ballyb

Fáilte go Stáisiún Dóiteáin Chill Áirne den tSeirbhís Dóiteáin agus Tarrthála Chiarraí suite díreach amach ó sheachbhóthar Chill Áirne i gceann de na háiteanna turasóireachta is gnóthaí in Éirinn. An dara stáisiún is gnóthaí i gCiarraí is ea an stáisiún dhá chaidéal seo leis an iliomad foirgneamh ardriosca laistigh dá stáisiún lena n-áirítear 40 óstán agus an-chuid B & Banna agus óstalláin. Tá Páirc Náisiúnta Chill Áirne agus na ceantair mórthimpeall atá i mbaol mór ó dhóiteáin aitinn agus tinte fiáine cosanta go maith ag an Oifigeach Stáisiúin Mark Brady agus ag an 15 fhoireann dóiteáin choimeádta atá aige. Is iad Paudie Mangan agus John O’Grady na hoifigigh fostáisiúin a chabhraíonn le Mark. Tá an fhoireann an-bhródúil as cuma a stáisiúin agus glacann siad páirt go bliantúil sa chomórtas Bailte Slachtmhara. Tá iliomad gradaim buaite acu sa chatagóir ‘Foirgneamh Poiblí Is Fearr’.  

 

billy billy
Tá beagnach 10 mbliana taithí ag Mark Brady ag obair leis an tSeirbhís Dóiteáin i gCiarraí. Roimhe sin d’oibrigh Mark le Seirbhís Dóiteáin Chluain Mheala ar feadh deich mbliana. Tá 20 bliain taithí ag Paudie Mangan ag obair leis an tSeirbhís Dóiteáin agus is Oifigeach Fostáisiúin é.

 

Suíomh


media