D’aláram deataigh

smoke

Is fuirist aire a thabhairt d’aláram deataigh.

Cuimhnigh ar na trí chéim seo:

1. Uair sa mhí, brúigh an cnaipe tástála chun an t-aláram a sheiceáil.

2. Cuir isteach cadhnraí nua uair sa bhliain nó nuair a chloiseann tú fuaim ‘giolctha’ ón aláram. Cloistear an giolcadh seo ón aláram deataigh nuair a bhíonn gá le cadhnra nua. Seachas sin d’fhéadfá cadhnra nua a chur isteach ar dháta áirithe m.sh. saoire phoiblí nó breithlá. Tá aláram fadsaoil  ar an margadh anois le cadhnra a mhaireann 10 mbliana – is mar aonad iomlán a dearadh na h-aláraim seo, mar sin nuair a bhíonn an cadhnra caite athraítear an t-aláram ar fad.

3. Coimeád glan é. D’fhéadfadh smúit, smionagar nó líonta damháin alla cur isteach air - glan an t-aláram agus timpeall air le folúsghlantóir go rialta. 

 

 

 

 

 

 


media